← Úsáidtear "Cultúr", le C mór, chun tagairt do nósanna atá inmhianaithe dar le lucht riartha nó ceannairí an phobail nó ceannairí na tíre - mar ba cheart gléasadh go foirmeálta ag Ascot, nó ag bainis, nó a leithéid eile; an saghas ceoil ar cheart duit suim a chur ann - ceol clasaiceach de ghnáth; na leabhair ba cheart a bheith léite ag an té atá léannta agus mar sin de. 🔊
← Ar ndóigh, bíonn gach mórchultúr breac le fochultúir agus fo-fhochultúir go dtí go dtagann tú go dtí an teaghlach nó an duine aonair - ach san am céanna "is ar scáth a chéile a mhaireann na daoine" mar a deir an seanfhocal agus ní bhíonn éinne beag beann ar an gcultúr ina bhfuil sé fréamhaithe. 🔊
← Is minic teannas idir na fochultúir éagsúla, iad ag baint na sál dá chéile lena chruthú gur acu féin atá an tsibhialtacht is fearr agus go bhfuil sé de cheart acu a bheith níos ardnósaí ná lucht an chultúir eile. 🔊
← Bhí tuairimí ann, cosúil le hipitéis Sapir-Whorf, a mhaígh go raibh tionchar ag struchtúir na teanga ar struchtúir na hintinne agus ar an gcultúr. 🔊
← Ar an láimh eile, d'fhéadfaí a mhaíomh gurb í an timpeallacht a mhúnlaíonn struchtúir na teanga. 🔊
← Le gluaiseacht an náisiúnachais b'fhacthas do chuid de na ceannairí go raibh an Ghaeilge ina dlúthchuid de chultúr na hÉireann. 🔊
← Le bunú an tSaorstáit, cuireadh an-bhéim ar athbheochan na Gaeilge agus ba é an aidhm a bhí ag Conradh na Gaeilge ná go mbeadh an Ghaeilge mar theanga na tíre agus go dtógfadh sí áit an Bhéarla go hiomlán. 🔊
← D'fhéachtaí anuas ar mhuintir na nGaeltachtaí sna bailte móra, sa Daingean, i gcathair na Gaillimhe agus i Leitir Ceanainn. 🔊
← Bhí "Éire Oifigiúil" lán i bhfábhar na Gaeilge le linn an ama sin. 🔊